← "Is náireach le rá é nach dtig le neart bhur slua an leac sin a thógáil," arsa an marcach. 🔊✎
← Le neart agus le lúth a ghéag chuir sé seach bpéirse as a háit í. Bhris giorta an eich bháin le meáchan an urchair, agus sular mhothaigh an gaiscíoch bhí sé ina sheasamh ar a dhá bhonn ar thalamh na hÉireann. 🔊
← B'iontach le gach uile dhuine an seanóir críon liath a bhí os méid gach fir agus an rud a tharla dó. 🔊✎
← Rinne siad dearmad den tseilg le hiontas inti. 🔊✎
← Bhí coróin ríoga ar a ceann, agus brat donn síoda a bhí buailte le réalta dearg-óir á cumhdach go sail. 🔊✎
← "Ní hé mo chéile a d'imigh uaim agus níor luadh go fóill le fear mé," ar sise. 🔊✎
← "Ach, a Rí na Féinne, tháinig mé le grá do do mhac féin, Oisín meanmneach na dtréanlámh." 🔊
← "Is tú mo rogha thar mhná an domhain, agus rachaidh mé le fonn go Tír na nÓg leat." 🔊
← Shil na deora frasa anuas le grua Oisín agus phóg sé a athair go caoin. 🔊✎
← Rinne sé trí seitreacha ar an tráigh agus thug a aghaidh siar díreach ar an fharraige le hOisín is le Niamh. 🔊✎
← Chonaic siad an ainnir ó gar each dhonn ag imeacht ar bharr na toinne, úll óir ina deaslámh agus an marcach ina dhiaidh ar each bhán le claíomh chinn óir. 🔊✎
← Tháinig trí caogaid laoch ab fhearr lúth agus céad ban ó gab áille gnaoi ina n-araicis, agus tugadh le hollghairdeas iad chuig Rí agus chuig Banríon Thír na nÓg. 🔊
← Chuaigh sé ar mhuin an eich bháin agus thug a chúl go dubhach le Tír na nÓg. 🔊✎
← Thoiligh Oisín dul leis mar gur shantaigh sé gach cearn agus gach baile ina mbíodh na Fianna a shiúl arís agus mar nach raibh lúth a choirp ná amharc a shúl aige le himeacht in aon áit leis féin, ná aon duine dá lucht aitheantais le fáil. 🔊✎
← Ansin tháinig a bproinn agus d'fhiafraigh Pádraig d'Oisín an rachadh sé chun an phroinntí mar aon le cách. 🔊✎